An fáth a bhfuil cabhair ag teastáil ó na Diúilicíní Péarla

Acmhainn oideachais arna cruthú ag Tionscadal na nDiúilicíní Péarla

An bhfuil a fhios agat cad iad na rudaí seo? 

Tugtar Diúilicíní Péarla Fionnuisce ar na hainmhithe seo. Cónaíonn siad ar ghrinneall na habhann in aibhneacha agus i srutháin ina sreabhann uisce an-ghlan agus is féidir leat teacht orthu i roinnt lochanna freisin.   

Is féidir le Diúilicíní Péarla Fionnuisce maireachtáil go dtí go slánóidh siad 120 bliain d'aois! Fágann sé sin gurb é an Diúilicín Péarla Fionnuisce ceann de na hainmhithe in Éirinn a mbíonn an fad saoil is mó acu. 

Ar an drochuair, tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce i bhfíorbhaol. Is é is brí leis sin ná nach bhfuil ach fíorbheagán de na Diúilicíní Péarla Fionnuisce fágtha ar domhan agus is gá dúinn iarracht a thabhairt ar iad a chosaint.  

Ach in Éirinn, ar ámharaí an tsaoil, tá cuid de na líonta is airde de na Diúilicíní Péarla san Eoraip againn. Tá ocht gcinn de shaináiteanna in Éirinn ina bhfuil na líonta is fearr de na Diúilicíní Péarla in Éirinn. Tá Tionscadal na nDiúilicíní Péarla ag obair leis na feirmeoirí sna háiteanna seo chun cabhrú leis na Diúilicíní Péarla a chosaint. 

Féach ar na hocht gceantar ar an léarscáil seo. Tá líne dhearg timpeall ar na ceantair sin. An bhfuil cónaí ort i gceann de na ceantair seo? Cé acu ceantar is cóngaraí duit? 

Léarscáil ina dtaispeántar abhantracha Thionscadal na nDiúilicíní Péarla agus na réimsí gaolmhara uisce 

Cén cineál ainmhí atá sa Diúilicín Péarla Fionnuisce? 

Is féidir na hainmhithe go léir ar domhan a chur in earnálacha éagsúla. Níl aon chnámh droma (dromlach) ag na Diúilicíní Péarla Fionnuisce agus mar sin is é is brí leis ná go bhfuil siad ag baint le hearnáil darb ainm na hinveirteabraigh. Tá cnámh droma ag an duine agus, mar sin, táimid ag baint le hearnáil eile darb ainm na veirteabraigh.  

An féidir leat smaoineamh ar eiseamláirí eile de veirteabraigh agus d'inveirteabraigh?  

Is ann do mhórán cineálacha d'inveirteabraigh agus mar sin is féidir linn iad a roinnt ina n-earnálacha breise. 

Tá corp bog ag na Diúilicíní Péarla Fionnuisce ach tá an corp sin á chosaint ag sliogán crua. Tugtar moilisc ar inveirteabraigh a mbíonn sliogán crua dá leithéid seo ar an taobh amuigh acu. 

Níl cónaí ar an Diúilicín Péarla Fionnuisce laistigh de shliogán amháin ar nós seilide, dáiríre tá dhá shliogán aige ar nós breallaigh. 

Dála mar atá dhá roth ag rothar, tá an focal bhlaoscach á úsáid againn maidir le hainmhithe a bhfuil dhá shliogán acu. Mar sin, má tá duine ag fiafraí díot cén cineál ainmhí atá sa Diúilicín Péarla Fionnuisce, is féidir leat a rá gur moileasc débhlaoscach atá ann. 

Cén fáth a mbaineann tábhacht leis na Diúilicíní Péarla Fionnuisce?  

Ceist mhaith! Ní chónaíonn na Diúilicíní Péarla Fionnuisce ach in uisce an-ghlan, agus mar sin, má bhíonn Diúilicíní Péarla in abhainn nó i sruthán, is eol dúinn gur uisce an-ghlan é agus gur abhainn shláintiúil í. Is maith an rud é sin do na hainmhithe go léir a chónaíonn san abhainn, ach is maith an rud é sin freisin do na daoine, toisc go mbraithimid ar na haibhneacha, na srutháin agus na lochanna chun an iliomad rudaí a fháil.....An féidir leat smaoineamh ar chuid acu? 

Cad í an ghnáthóg ina gcónaíonn an Diúilicín Péarla Fionnuisce?  

Ciallaíonn gnáthóg áit a gcónaíonn agus a bhfásann ainmhí nó planda. Tá a fhios againn cheana gur féidir le Diúilicíní Péarla Fionnuisce cónaí in aibhneacha agus i srutháin, agus gur maith leo uisce an-ghlan - ach is ann do roinnt rudaí eile atá ag teastáil ó na Diúilicíní Péarla Fionnuisce chun teacht slán. 

Cónaíonn an Diúilicín Péarla Fásta agus bun an tsliogáin aige curtha i ngrinneall na habhann, agus mar sin baineann tábhacht le meascán maith de chlocha beaga agus de chlocha meánmhéide a bheith i ngrinneall na habhann chun cabhrú leis an diúilicín a choimeád daingean. 

Thairis sin, bíonn sé tábhachtach nach sreabhfaidh an t-uisce go ró-sciobtha (is féidir go scuabfar ar shiúl iad!) nó go ró-mhall (má shreabhann an abhainn go ró-mhall, is féidir nach mbeidh a ndóthain ocsaigine ag na diúilicíní ón abhainn). 

Mar sin, cónaíonn na Diúilicíní Péarla Fionnuisce in aibhneacha nó i srutháin a sreabhann uisce an-ghlan iontu, nach sreabhann an t-uisce go ró-sciobtha nó go ró-mhall iontu, agus a mbíonn meascán maith iontu de chlocha agus de ghairbhéal ar ghrinneall na habhann chun cabhrú leis na diúilicíní a choimeád daingean. 

Conas a fhaigheann an Diúilicín Péarla Fionnuisce an ghnáthóg cheart?  

Ní fhaigheann na Diúilicíní Péarla go léir an ghnáthóg cheart - agus ní thiocfaidh slán ach na cinn sin a chríochnóidh san áit cheart ar deireadh agus is iad na cinn sin amháin a bheidh ina ndiúilicíní fásta. Is iontach an scéal é an dul chun cinn ina ráiníonn don Diúilicín Péarla a bheith ar ghrinneall na habhann - teastaíonn ón Diúilicín cabhair éisc a fháil, fiú amháin! 

Déanfaidh Diúilicíní Péarla baineanna fásta cosaint ar a n-uibheacha laistigh dá sliogáin go dtí go mbeidh na huibheacha sin ullamh chun a bheith scaoilte isteach san uisce. 

Féadfaidh diúilicín baineann amháin suas le ceithre mhilliún de na miondiúilicíní a scaoileadh isteach san uisce thar an samhradh - ach ní thiocfaidh siad seo go léir slán chun a bheith ina ndiúilicíní fásta. 

Tugtar glochidia ar na diúilicíní beaga seo agus iad an-dealraitheach leis na diúilicíní fásta, ach amháin iad a bheith i bhfad níos lú. Bíonn na glochidia seo ar snámh san uisce, agus a sliogáin ar oscailt. 

Anois, baineann tábhacht mhór leis an gcéad chuid eile den scéal. 

Chun teacht slán go dtí an chéad chéim eile, ní foláir do na glochidia greim a bhreith ar bhradán nó ar bhreac, ach ní mar seo a tharlaíonn sé i gcónaí. 

I dtaca leis na glochidia ámharacha tearca sin a bheidh cóngarach do bhradán nó do bhreac ag an am ceart, dúnfaidh siad a sliogáin de smeach ar gheolbhaigh an éisc agus coinneoidh siad greim anseo go ceann naoi mí. 

An bhfuil tú in ann na glochidia a fheiceáil san fhíseán seo, agus a sliogáin á ndúnadh de smeach acu? 

Rachaidh na glochidia i ngach áit leis an iasc go ceann naoi mí. Fásfaidh siad agus tiocfaidh siad chun cinn le linn dóibh a bheith i gceangal le geolbhaigh an éisc, ach ní ghortóidh siad an t-iasc. 

Cibé áit a mbeidh an t-iasc nuair a bheidh an diúilicín mór a dhóthain chun titim anuas ón iasc, seo an áit a gcaithfidh an diúilicín an chuid eile dá shaol. 

Ní bheidh an diúilicín in ann maireachtáil anseo ach más í an ghnáthóg cheart í. An cuimhin leat cén cineál áite atá ceart mar ghnáthóg? 

Fanann an diúilicín óg slogtha i ngrinneall na habhann go ceann cúig bliana. 

Is den ríthábhacht é go mbíonn grinneall na habhann glan agus go mbíonn a lán ocsaigine ann chun go bhfásann an diúilicín óg suas i gceart. 

Nuair a bheidh an diúilicín mór a dhóthain déanfaidh sé é féin a bhrú suas go dromchla ghrinneall na habhann, sa dóigh go mbeidh barr a shliogáin san uisce agus sa dóigh go mbeidh sé in ann bia a ithe. 

Nuair a bheidh na diúilicíní thart ar 12 bhliain d'aois, cruthóidh siad seo glúin nua ar fad de na glochidia agus tosóidh an timthriall arís! 

An ndéanann na Diúilicíní Péarla Fionnuisce aon rud?  

Fanann na Diúilicíní Péarla Fionnuisce san áit chéanna ar feadh a saoil uile, nach mór!! B'fhéidir go gceapfaimis go mbeadh cuma leamh leadránach air sin, ach le linn do na diúilicíní a bheith i ngrinneall na habhann, déanann siad rud ríthábhachtach - bíonn an t-uisce á ghlanadh acu!!! 

An bhféachann tú an dá oscailt i ngach diúilicín sa ghrianghraf? Samhlaigh gur barr coinlín óil atá i ngach ceann de na hoscailtí sin. Diúlann an diúilicín péarla uisce trí choinlín amháin, scagann sé cuid de na rudaí a bhíonn ar snámh san uisce chun iad a ithe, agus steallann sé an chuid eile den uisce amach san abhainn as an gcoinlín eile. 

Tugtar scagbheathóirí ar ainmhithe a itheann ar an gcaoi seo - an eol duit ainmhithe eile ar scagbheathóirí iad? 

Is féidir le Diúilicíní Péarla amháin 50 lítear uisce a scagadh in aon lá amháin - is ionann é sin, beagnach, agus dabhach folctha atá lán le huisce!!! 

Cén fáth a bhfuil na Diúilicíní Péarla Fionnuisce i mbaol? 

Is amhlaidh atá uisce an-ghlan ag teastáil ó na Diúilicíní Péarla Fionnuisce chun maireachtáil. Faoi láthair, níl an chuid is mó dár n-aibhneacha ná dár srutháin glan go leor chun cónaí a bheith ar na diúilicíní iontu. Mura bhfuil dóthain ocsaigine sna haibhneacha, agus má tá an iomad cothaitheach agus an iomad truailleán eile iontu, gheobhaidh na diúilicíní bás. 

An cuimhin leat na diúilicíní óga agus iad ag titim anuas ó gheolbhaigh an éisc? Ar an drochuair, níl grinneall na habhann glan a dhóthain in a lán áiteanna agus is é is brí leis seo nach bhféadfaidh na diúilicíní óga teacht slán nuair a thitfidh siad anuas ón mbradán nó ón mbreac. 

I bpobal sláintiúil diúilicíní gheofá a lán diúilicíní d'aoiseanna éagsúla, ach faoi láthair níl ach diúilicíní fásta againn in Éirinn, don chuid is mó. Gan diúilicíní óga, beidh an Diúilicín Péarla i gcontúirt imeacht in éag i bhfad na haimsire. 

An féidir leat smaoineamh ar roinnt fáthanna nach bhfuil ár n-aibhneacha ná ár srutháin glan? Cad is féidir linn a dhéanamh chun iarracht a thabhairt ar stad a chur leis seo? 

Cad é Tionscadal na nDiúilicíní Péarla? 

Oibrímid i dTionscadal na nDiúilicíní Péarla i gcomhar le feirmeoirí chun cabhrú leo na Diúilicíní Péarla a chosaint trí chabhair a thabhairt dóibh feabhas a chur ar na gnáthóga sna feirmeacha agus ar na srutháin a shreabhann isteach sna haibhneacha ina gcónaíonn na diúilicíní. 

Féachaimid ar na gnáthóga éagsúla san fheirm agus ar na plandaí éagsúla a fhásann san fheirm chun a fhionnadh cé chomh neamhdhíobhálach don timpeallacht agus a bhíonn sí mar fheirm. 

Féachaimid freisin ar na haibhneacha agus ar na srutháin san fheirm chun a fhionnadh an mbíonn siad slán folláin. 

Trí úsáid a bhaint as cártaí scóir, tugaimid scór as deich do na páirceanna go léir i bhfeirm. I dtaca le páirceanna a fhaigheann deich as deich, sin iad na cinn is fearr ó thaobh na timpeallachta de agus ó thaobh na nDiúilicíní Péarla de agus is é ár ndóchas go bhfaighidh a lán dár bhfeirmeoirí scóir arda i leith a bhfeirmeacha nuair a bheidh ár dtionscadal críochnaithe, rud a rachaidh chun tairbhe do na Diúilicíní Péarla. 

Cad is féidir liom a dhéanamh chun cabhrú? 

Is amhlaidh atá a lán rudaí is féidir leat a dhéanamh. B'fhéidir go bhféadfá roinnt eolais ar an Diúilicín Péarla Fionnuisce, go háirithe an fáth le cé chomh tábhachtach agus atá sé iad a chosaint, a thabhairt do dhuine éigin atá aineolach air sin. 

D'fhéadfá smaoineamh ar shlite lenár n-aibhneacha agus lenár srutháin a choimeád glan agus deimhin a dhéanamh de go ndéanfá agus go ndéanfadh do theaghlach na rudaí seo. 

D'fhéadfá iarracht a thabhairt ar an mbithéagsúlacht a mhéadú i do ghairdín nó i do cheantar áitiúil. Cén fáth nach bhféadfá triail a bhaint as ár gcárta scóir i gcomhair na ngairdíní chun a fháil amach faoin scór a gheofá féin? B'fhéidir go bhféadfá smaoineamh ar roinnt moltaí chun do ghairdín a dhéanamh ní ba neamhdhíobhálaí don timpeallacht. 

Is féidir leat teacht ar an gcárta scóir agus ar ghníomhaíochtaí áirithe eile, amhail tráth na gceist agus roinnt sárfhíseán ar na Diúilicíní Péarla inár  láithreán gréasáin 

Is éard atá i dTionscadal na nDiúilicíní Péarla ná Scéim faoi Threoir Áitiúil de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (CEN/EIP) atá á riar ag Tionscadal na nDiúilicíní Péarla Teoranta. Tá an Tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chuid de Chlár na hÉireann um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020.   

Arna Chruthú ag Tionscadal na nDiúilicíní Péarla Teoranta 

Grianghraif Bhreise  

Evelyn Moorkens

Scannánaíocht Físe 

Louise Lavictoire

Is éard atá i dTionscadal na nDiúilicíní Péarla ná Scéim faoi Threoir Áitiúil de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (CEN/EIP) atá á riar ag Tionscadal na nDiúilicíní Péarla Teoranta. Tá an Tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chuid de Chlár na hÉireann um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020.